Clár Na Féile Fógartha D’fhéile Ealaíon Raghnallach
Dé Luain 12 Meán Fómhair 2005
Fógraíodh clár don chéad Fhéile Ealaíon
riamh i Raghnallach ag imeacht i nGaelscoil Lios na nÓg, Raghnallach,
um thráthnóna inniu.
I measc bhuaicphointí an chláir tá ceol ó Chiaran Tourish, Bree Harris agus Roesy, aithris filíochta le MacDara Woods, siúlóid ailtireachta, agus dhá lá oscailte i nGairdíní Raghnallach mar a chuirfidh scoileanna áitiúla, Young Orchestral Pops, Macnas Ranelagh Rhythm, agus Independent Theatre Workshop siamsaíocht is sult ar fáil do chách.
Beidh ealaín mar chuid lárnach den chlár, le haisbhreathnú ar obair Dhonal O'Sullivan, agus le taispeántas ealaíne ag dhá ealaíontóir Fhionlannacha, Sulima Rintala, atá lonnaithe i Raghnallach agus Hasan Fuat Sari, atá lonnaithe thar lear. Dóibh siúd atá tugtha do scannáin, beidh deis as an ngnách acu faire ar an scannán ceannródaíoch Ballroom of Romance, ar an scannán faisnéise iomráiteach, The Tear and the Smile, agus ar Rooney, scéal gleoite faoi imreoir clúiteach iománaíochta, a scannánaíodh i Raghnallach agus i Ráth Maonais sna 1950aidí.
“Seo clár atá thar a bheith spreagúil,” a dúirt Terry Connaughton, Stiúrthóir Ealaíne na Féile. “Orthu siúd a bheidh linn i Raghnallach beidh roinnt de na ceoltóirí is cumasaí in Éirinn. Beidh dhá thaispeántas iontacha ealaíne agus meascán spéisiúil scannán, imeachtaí liteartha, dráma aonair, cór gaspail – agus thar aon ní eile – na Laethanta Oscailte, a thabharfaidh pobal Raghnallach le chéile chun aithne a chur ar a chéile agus spiorad pobail an cheantair a dhaingniú, mar gurb é sin bun agus barr na Féile.”
Reáchtálfar an Fhéile ón 29ú lá
Meán Fómhair go dtí an 2ú lá Deireadh
Fómhair in ionaid ar fud Raghnallaigh. Tuilleadh eolais faoi
imeachtaí agus faoi thicéid ar fáil ón mBoth
Féile a lonnófar cóngarach don 'Triantán'.
CRÍOCH .
Nótaí do na hEagarthóirí
Eolas faoin gCúlra
D’eagraigh áitritheoirí an cheantair Féile
Ealaíon Raghnallach, mar fhéile don phobal, sa phobal.
Ceiliúrfaidh an ócáid Raghnallach, mar a bhí
agus mar atá faoi láthair, agus an tábhacht a bhaineann
le hEalaín i saol na ndaoine. Is é sprioc fadtéarmach
na Féile ná go gcuirfí ionad cultúrtha ar
bun ina bhféadfadh pobal Raghnallach na healaíona a cheiliúradh.
Ta idir óg agus aosta agus daoine ó chúlraí
éagsúla páirteach san Fhéile, agus díreofar
go háirithe ar rannpháirtíocht na bpáistí
ar an Lá Oscailte a bheidh ar siúl ar an gcéad
lá Deireadh Fómhair. Tuilleadh eolais ar fáil ó:
www.ranelagharts.org
Fiosrúcháin Meáin
Má tá aon fhiosrúchán agat, téigh
i dteagmháil le Martina Quinn, le do thoil, ag – 087-6522033,
media@ranelagharts.org
News & Press Releases
Go here for the latest information on the festival.
Festival Programme
Get all the low down on who's performing and exhibiting and this
year.


