Press Releases

An Chéad Fhéile Ealaíon Riamh Ag Raghnallach

Dé Máirt 2ú Lúnasa 2005

Don chéad uair riamh, reáchtálfar Féile Ealaíon i Raghnallach i mbliana, ó 28 Meán Fómhair go 2 Deireadh Fómhair 2005. Is í aidhm na Féile ná athnuachan a dhéanamh ar spiorad an tsráidbhaile agus an phobail a bhain go traidisiúnta le Raghnallach. Creideann eagraithe na féile go ndéanfar imeacht bliantúil de.

I measc buaicphointí na Féile tá ‘Fáiltiú na Féile’, Lá na bPáistí ag scoileanna áitiúla, nochtadh ar dhealbh ag an ‘Triantán’ i Raghnallach leis an dealbhóir iomráiteach Patrick O’Reilly, seoladh filíochta leis an bhfile clúiteach Macdara Woods agus réimse ceoil éagsúil, idir Cheol Traidisiúnta leis an Ciaran Tourish Band agus Cór Gaspail.

“D’eascair coincheap na féile as comhrá a bhí ag dornán againn sa tigh tábhairne oíche amháin," arsa Terry Connaughton, ball de Choiste na Féile. “Bhíomar ag cur is ag cúiteamh faoi phraghsanna tithe, mar is gnách, agus thugamar faoi deara go raibh pobal Raghnallach níos tógtha le praghsanna tithe ná mar a bhí le spiorad pobail an tsráidbhaile a bhí ann uair dá raibh. Chinneamar iarracht a dhéanamh an spiorad pobail sin a athnuachan, agus sin mar a tháinig an Fhéile Ealaíon ar an saol.”

Thacaigh an pobal láithreach leis an bhFéile, agus anois tá 50 áitritheoir as Raghnallach páirteach in eagrú an imeachta. Gheall gnóthaí áitiúla tacú leis an tionscadal, go háirithe Ceantálaithe Youngs’ agus Comhar Creidmheasa Raghnallach, atá ar an dá phríomh urraitheoir.

“Táimid lán-chinnte go n-éireoidh thar barr leis na bhFéile, agus go mairfidh sí mar imeacht bliantúil,” arsa Terry Connaughton. “Taitneoidh an Fhéile le cách, is cuma cibé aois nó rogha ealaíon.”

CRÍOCH

Tuilleadh Eolais:

Adelaide Nic Chárthaigh Teil: 087-2886354
Martina Quinn Teil: 087-6522033
Deirdre McIntyre Teil: 086-1943439

Sceideal
Seo a leanas dréacht-sceideal d’Fhéile Ealaíon Raghnallach. Féadfar athruithe a chur i bhfeidhm ar an sceideal seo. Cinnteofar imeachtaí, amanna agus láithreacha in am tráth.

28 M. Fómhair: Fáiltiú na Féile, Gaelscoil Lios na nÓg
29 M.F.-2 D. Fómhair: Dealbh Phoiblí le Patrick O’Reilly, Triantán Raghnallach
29 M. Fómh. -2 D.Fómhair: Taispeántas Ealaíne: Donal O’Sullivan – A Retrospective, Scoil Sandford
29 M. Fómh.-2 D. Fómhair: Taispeántas Ealaíne ina mbeidh saothair ar taispeáint ag áitritheoir as Raghnallach, Suleima Rintala, agus ag Hafan Fuat-Sari, 'Fear an tSiosúir' as an bhFionlainn, Scoil ilchreidmheach, Raghnallach
29 M. Fómhair: Oíche Cheoil Thraidisiúnta le Ciaran Tourish, Arty McGlynn, Seán Óg Potts & Jimmy Higgins, i dteannta Sintan Valley & Cairde, Il Mondo - os cionn tigh tábhairne Four Provinces
30 M. Fómhair: Oíche Cheoil Ghaspail, Eaglais na hÉireann, Bóthar Sandford
30 M. Fómhair: Oíche Cheoil: aoi-cheoltóir le fógairt, Il Mondo - os cionn tigh tábhairne Four Provinces
1 D. Fómhair: Pictiúrlann-mhóibíl (pictiúrlann soghluaiste le scannáin do gach aoisghrúpa), Carrchlós Scoil Sandford
1 D. Fómhair: Nochtadh ar dhealbh, san áit inar chónaigh an Dr. Kathleen Lynn, a bhí páirteach in Éirí Amach 1916, 9 Bóthar Belgrave, Ráth Maonais
1 D. Fómhair: Siúlóid Oidhreachta , Raghnallach
1 D. Fómhair: Mórshiúl le Páistí ó gach bunscoil áitiúil, le Banna Ceoil an Airm, Young Orchestral Pops, fir ghrinn agus siúlóirí cosa croise. Ó ionad pobail Choill na Feá (Beechwood) go Gairdíní Raghnallach
1 D. Fómhair: Ceol don teaghlach le Banna Ceoil an Airm, Ceardlann leis an Independent Theatre, banna céilí agus tuilleadh… Gairdíní Raghnallach
Sath., 1 D. Fómhair: Oíche Cheoil: Bree Harris, Il Mondo - os cionn tigh tábhairne Four Provinces
Domh., 2 D. Fómhair: Tráthnóna filíochta agus ceoil le Macdara Woods agus Ben Dwyer, Gairdíní Raghnallach
Domh., 2 D. Fómhair: Dráma: ‘The Number 18’ le R. Carroll, Tigh Tábhairne Birchall’s

Email: media@ranelagharts.org

Quick links

News & Press Releases
Go here for the latest information on the festival.

Festival Programme
Get all the low down on who's performing and exhibiting and this year.


Dublin City Council
IL Mondo
Young's Auctioneers
Ranelagh Credit Union